Ardráta cánach do toicithe mídhleathach – ach leanfar leis!

Deir Príomh Aire na Fraince, Jean-Marc Ayrault, go ndéanfaidh an rialtas athphacaistiú an ardráta ar leith cánach do dhaoine a shaothraíonn thar milliún euro a thionscaigh an rialtas dhá mhí ó shin. Riailigh an Chúirt Bhunreachtúil inniu go bhfuil an ardráta cánach, a bhí ar na príomhmholtaí i bhfeachtas toghcháin an Uachtaráin Holland, go bhfuil sé mídhleathach agus go bhfuil sé le cealú. Ach dúirt an Príomh Aire go ndéanfaidh an rialtas an dlí a athdhreachtú chun riar ar imní na Cúirte Bunreachtúla agus go mbeidh an dlí ann i gcruth nua i mbuiséad úr.

Scríofa ag ar 29.12.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Ardráta cánach do toicithe mídhleathach – ach leanfar leis!”

  1. an tAstrálach

    Más mall is mithid. N’fheadar an bhfuil na Meiriceánaigh réidh leis an leigheas céanna?

  2. Pól Réamainn

    Tá siad caillte cheana féin Depardieu mar gheall ar seo. Cé átá indiaidh sin? Binoche, Reno, Cassel?? Qui sait?

Tabhair Freagra

© Nuacht24