Aonad PSNI sábháilte – eachtra scaoilte i mBéal Feirste
Níor gortaíodh duine ar bith nuair a scaoil baicle fear roinnt urchar le teach i mBéal Feirste Thiar aréir. D’fhéach an baicle briseadh isteach sa teach ag Corby Way agus nuair nár éirigh leo scaoil siad rois urchar san aer agus bhris fuinneog i gcarr a bhí taobh amuigh den teach. Níor gortaiodh lánúin a bhí sa charr ná bean a bhí sa teach. Tá an scéal a fhiosrú.
Agus cuireadh fáilte inniu roimh chinneadh an PSNI gan fáil leis an Aonad um Coiriúlacht Gluaisteáin. Bhí an t-aonad le scor ag an Nollaig tugadh le fios an tseachtain seo caite. Ach inné dhearbhaigh an PSNI go bhfuil siad chun an t-aonad a choinneáil ag dul go dtí an Nollaig agus ansin déanfar an scéal a athmheas.