Aoife Phelan – fear á cheistiú

Tá na Gardaí ag leanúint leo de cheistiú fir maidir le dúnmharú Aoife Phelan. Fuarthas corp Aoife, a bhí torthach an t-am a d’imigh sí as radharc, inné ag Bóthar Tigh Mochua. Bhí cuardach ar siúil acu ag abhainn an Bhearú ar feadh an lae inné ach d’éirigh na Gardaí amhrasach faoin eolas a chuir iad i mbun an chuardaigh sin. Cuireadh leis an chuardach eile agus ag am lóin inné fuarthas corp Aoife ar Bhóthar Tigh Mochua. Aréir ag a seacht a chlog ghabh siad fear 24 bliain d’aois i bPort Laoise agus tá sé á cheistiú faoin mharú.

Scríofa ag ar 08.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24