Anglea, Nicolas, ag ullmhú d’ionsaí eile ar cháin corpóraideach na hÉireann

Tá Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Herman Van Rompuy , ag scrúdú doiciméid ón Ghearmáin is ón Fhrainc a mholann dó dlús a chur faoin iarracht chun comhpholasaí cánach a aontú don AE. Sna doiciméid cuireann Angela Merkel is Nicolas Sarkozy in iúl gur gá brú ar aghaidh le comhpholasaí cánach cionn is go gcuirfeadh sin dlús faoin athbheochan eacnamaíochta san AE. Tá a moladh, a bheag nó a mhór, ar an mholadh céanna is a rinneadh tamall ó shin ar dhiúltaigh an Taoiseach dó cionn is gurb ionann é, dar leis, agus comhráta cánach tríd an doras cúil. Tá cáin corpóraideach íseal na hÉireann ina cúis achrainn idir an rialtas agus an Fhrainc go háirithe agus chuir Nicolas Sarkozy in iúl roinnt uaireanta, go pobilí agus ar chúla téarma, go bhfuil sé ag iarraidh fáil réidh leis an ráta íseal atá ag na 26 Chontae.

Scríofa ag ar 19.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Anglea, Nicolas, ag ullmhú d’ionsaí eile ar cháin corpóraideach na hÉireann”

  1. Dónall Chaoimhín

    Ní aontaím féin leis an cháin corpóraideach íseal in Éirinn ach oiread, thuaidh ná theas! Ach is ar mhuintir na hÉireann atá sé an cinneadh a dhéanamh cén méid cánach ba chóir don tír a bhailiú. Ní hé Nioclás Sarkozy Uachtarán na hEorpa agus ní USA ar bith é an AE!

  2. Fearn

    Angela a tá ina hUachtarán, a DhCh, Nicó ina leasUachtarán

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24