An tOrd Oráisteach chun labhairt le cumann áitritheoirí

Ta an tOrd Oráisteach i dTuaisceart Bhéal Feirste chun caint den chéad uair le cumann áitritheoirí i gceantar Ard Eoin. Aréir mhol trí chumann áitritheoirí i gceantracha aontachtachadon Ord Oráisteach go háitiúil dul i mbun cainteanna le CARA, grúpa atá ionadaíoch do áitritheoirí náisiúnacha i gceantar Ard Eoin is Cromghlinn Uachtar. Ar maidin dúirt an tOrd go mbeadh siad sásta dul i mbun plé leis an ghrúpa sin agus creidtear go mbeidh cainteanna ann go luath. Dar le grúpa eile a maíonn go bhfuil siad ionadaíoch do tromlach phobail Ard Eoin / Cromghlinn Uachtar, GARC, dar leo nach bhfuil sna cainteanna seo ach iarracht chun clár oibre Oráisteach a chur chun cinn i dtuaisceart Bhéal Feirste faoin Dóú lá déag agus cháin siad na hiarrachtaí seo. Deir sagart ón cheantar, an tAthair Gary Donegan, go bhfuil sé iontach mall a bheith ag dul i mbun cainteanna faoi Dóú Lá Déag na bliana seo ach go gcuirfidh bunús mhór daoine fáilte roimh an scéal. Agus d’fháiltigh Uachtarán ar an Eaglais Mhodhach, Dr Heather Morris, roimh na cainteanna, a d’fhéadfadh, dar léi, a chuidiú le nach dtarlódh trioblóid sa cheantar faoi mar a tharla le roinnt blianta anuas.

Scríofa ag ar 05.07.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “An tOrd Oráisteach chun labhairt le cumann áitritheoirí”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    tá cara ann ( grúpa Shinn Féin!!) agus tá garc ann ( grúpa easaontach) an labharfaidh an dá dhream sin le chéile? sin í an cheist.

  2. Fearn

    Dhe! Sobaldrama cruthanta atá ann!

  3. Pól Réamainn

    Tá siad ag dul ar aghaidh go fadálach.

Tabhair Freagra

© Nuacht24