An Tanáiste le bheith ag seirbhís ag Cenotaph Bhéal Feirste

Beidh an Tanáiste Eamon Gilmore ar chuairt ar Chultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste an Domhnach seo. Beidh sé sa chathair chun freastal ar roinnt ócáidí. Orthu sin beidh sé ar an chéad Aire de chuid an rialtais chun bláthfheasc a leagan ag Cenotaph Bhéal Feirste ar Lá Cuimhneacháin do shaighdiúirí na Breataine.

Scríofa ag ar 09.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “An Tanáiste le bheith ag seirbhís ag Cenotaph Bhéal Feirste”

  1. Fearn

    Tá súil agam go mbeadh cuntas agat ar na tónacha a bhéas a lí aige ann!

  2. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    ach mar a dúirt an té dúirt ” níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin” ach bheadh sé suimiúl a fháil amach cad chuige a bhfuil sé ag dul chuig ionad pobal in Iarthar Bhéal Feirste an ceantar is láidre Sinn Féin sa tír is dócha nó cad é an etiquette a bhaineann leis na cuairteanna sin .an gcaithfidh sé an ball Parlaiminte nó an ball tionól bheith ina chuideachta gur Sinn Féinigh iad beirt. cogadh na gcarad dar m’anam agus an gcaithfidh sé a Phoppy agus é ann. Nár mhéanar don chuilleog a bheadh ar an bhalla na Cultúrlainne Dé Domhnaigh.

Tabhair Freagra

© Nuacht24