An tAifreann ar ais ar R na G
Deir RTÉ/Raidió na Gaeltachta go gcraolfar an tAifreann Gaeilge ar an stáisiún gach Domhnach ó mhí Mheán Fómhair. Cáineadh an stáisiún ag tús na bliana seo nuair a d’fhógair siad nach gcraolfaí an tAifreann ach uair sa mhí feasta mar gheall ar chiorruithe. Ach inné thug siad le fios go gcraolfar an tAifreann dhá uair sa mhí ó Dhomhnach Cásca amach agus gach Domhnach ó mhí Mheán Fómhair amach. Feisteoidh an stáisiún córas ISDN i roinnt tithe pobail sa Ghaeltacht chun go dtiocfadh leo sin a dhéanamh.