An mhí is marfaí acu riamh
Bhí mí Iúil ar an mhí is measa ag arm Mheiriceá san Afganastáin riamh. Maraíodh 63 saighdiúir, an líon is mó saighdiúirí ó rinne Meiriceá ionradh ar an tír naoi mbliana ó shin. Go dtí seo bhí mí Mheithimh 2010 ar an bhliain is measa ag arm Mheiriceá san Afganastáin. Ar maidin inniu thug saighdiúirí Shasana agus saighdiúirí arm na hAfganastáine faoi oibríocht chun an Talaban a chur ar an chos chúl i gceantar Nad Ali, cliabhán de chuid an Talaban i gcúige Helmand.