Tvuít as Gaeilge ó NI21?

D’éisigh an páirtí Aontachtach nua, NI21, tvuít dátheangach ar maidin. Nasc chuig an suíomh ‘An Tuairisceoir’ atá sa tvuít agus an ceannteideal air a bhí ar alt ar an suíomh sin, ‘An mbeidh ráth ar Pháirtí Mhic Ráth?’

Ní léir an tús é seo ar thvuíteáil i nGaeilge nó díreach comhtharlúint go raibh siad ag iarraidh aird a tharraingt ar alt agus plé faoin pháirtí nua a bhí ag dul san Tuairisceoir.

Dar le Jonathon Rainey, fear atá freagrach as cúrsaí poiblíochta an NI21, agus é ag caint leis an BBC go mbeadh siad sásta tuíteanna as Gaeilge a chur amach feasta mar gur mhaith leis an pháirtí a bheith tarraingteach do gach duine sna Sé Chontae, Gaeilgeoirí san áireamh.

Ní léir áfach gur éisigh an páirtí aon tvuít eile i nGaeilge nó go dátheangach ó tháinig siad ar an fhód an tseachtain seo caite.

Cibé mar a tharla sé is mór idir an páirtí seo a bheith ar a gcompórd le bheith luaite le haon rud i nGaeilge agus an fearg a bhíodh ar pháirtithe aontachtacha eile nuair a rinneadh iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh gan trácht ar iad a bheith ceangailte ar shlí ar bith le habairt i nGaeilge.

Scríofa ag ar 13.06.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

7 Nóta Tráchta ar “Tvuít as Gaeilge ó NI21?”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    tá siad le moladh nó ag an am seo is dócha nach bhfuil mórán buntáistí polaiiúla le baint as cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge. I dtaca leis na Gaeil féin de ” is buíoch le bocht beagán féin”

  2. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    agus in ainm Croim cé a chum an focal TVUÍT nó an féidir é a rá fiú amháin?

  3. Fearn

    @ agus in ainm Croim cé a chum an focal TVUÍT nó an féidir é a rá fiú amháin?

    Abair é!

    “Seod” eile ó Focal.ie, sílim

  4. Labhras

    Tvuít twooooooh!

  5. doireabu

    Cinnte dearfa ba chóir tvuít a mholadh. Cé go gcreidim féin go docht daingean gur cheart Éire Aontaithe neamhspleách ghaelach bheith mar thodhchaí an oiléain seo cuirim fáilte roimh dhíospóireacht le daoine atá ar a mhalairt de thuairim má dhéantar an cás i nGaeilge.

  6. Pól Réamainn

    Táim ar aon intinn leat a dhoireabu.

  7. Is focal afáiseach é.

Tabhair Freagra

Scéalta is Déanaí

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24