An Ghaeilge sa chúirt – ó dheas

Tá cás ag dul ar aghaidh san ArdChúirt i mBaile Átha Cliath maidir le giúiré le Gaeilge a bheith ar fáil i gcás Gael atá os comhair cúirte.

Agus tá dréim leis go rachaidh an cás seo ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach ar achomharc is cuma cé acu dream a bhaineann.

Tá fear as Conamara faoi thriail i láthair na huaire maidir le líonmhain gur ionsaigh sé fear eile anuraidh.

Nuair a chéad éisteadh an cás agus nuair a bhí painéal giúiré le ceapadh mhol an breitheamh go gceapfaí ateangaire le go mbeadh gach duine ar an eolas faoin rud a bhí á rá i nGaeilge.

Ach mhaígh an chosantóir nach mbeadh an stádas céanna aige is a bhí ag an duine eile sa chás dá mbeadh ateangaire ann.

Agus lena chois dar leis nach mbeadh an stádas céann ag an Ghaeilge.

Bhí giúiré don chás le ceapadh ó phainéal giúiré chontae na Gaillimhe seachas painéal giúiré ón Ghaeltacht.

D’iarr an chosantóir go gceapfaí painéal giúiré le Gaeilge.

Beartaíodh mar sin ar athbhreithniú a bheith ann san Ard Chúirt le go dtiocfadh leis na breithimh ansin an cás a mheas.

Thosaigh an cás Déardaoin agus cé go raibh dréim leis a bheith críochnaithe taobh istigh de chúpla lá gach seans go gcuirfear siar breithiúnas go gceann tamaill nó thiocfadh leis an chás impleachtaí mhóra a bheith aige d’úsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus ceapadh giúiré le Gaeilge

Agus táthar ag tuar go mbeidh achomharc ann cibé toradh a bhíonn ar chás na hArdChúirte agus go gcuirfear an cás achomhairc ar aghaidh chuig an Chúirt Uachtarach.

Scríofa ag ar 25.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24