An Garda chun cás Dhomhnall Uí Lubhlaí le athscrúdú
Tá aonad de chuid na nGardaí a pléann le forneart sa bhaile agus ionsaí gnéis chun iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar caitheadh leis na líomhaintí a cuireadh i leith Dhomhnaill Uí Lubhlaí. Dhearbhaigh Coimisinéir an Gharda, Martin Callinan, dhearbhaigh sé inné go bhfuil athbhreithniú ordaithe aige i bhfianaise poiblíochta sna meáin agus éileamh ó ghrúpaí a bhíonn ag cuidiú le daoine a rinneadh ionsaí gnéis orthu. Scrúdaigh na Gardaí líomhaintí i gcoinne Dhomhnall Uí Lubhlaí roinnt uaireanta agus tuigtear go bhfuil líomhain á scrúdú acu nuair a fuair sé bás an mhí seo caite agus é in aois 84. Chlis ar chás a bhí le cur ina leith in 2002 mar gheall ar dhúshlán cúirte. Bhí 56 cúis luaite leis an chás sin. Bhí ard aithne ar Dhomhnall Ó Lubhlaí mar theagascóir Ghaeilge fud na tíre sna 1970í-1980í go háirithe agus maíodh gur tharla ionsaithe ag coláistí Ghaeilge a bhíodh á reáchtáil aige.
An gnáth do na Gardaí fiosrú a dhéanamh nuair atá an t-amhrasán marbh?
is dócha go ndéanfaidh sa chás seo a Fhearn a chara má dúirt duine dena híospártaigh gur cailleadh nó gur scriosadh fianaise agus Gardaí ag déanamh iniúchadh ar an chás agus bhí líomhaintí mar sin ann thart faoi dheich mbliain ó shin.
GRMA a Sheáin.
Bhí “cara sa chúirt” aige,mar sin.