Am sciste don chúpla ar leith
Tá an cúpla a rugadh agus iad nasctha le chéile ag an bhrollach ar ais sa bhaile anois agus fanfaidh siad ann go ceann roinnt míonna sula rachaidh siad faoi scian féacháil lena scaradh óna chéile.
Ligeadh Hassan agus Hussein amach as ospidéal Chorcaí, Déardaoin, agus thug a dtuismitheoirí, Angie Benhaffaf agus Azzedine Benhaffaf, cuireadh do na meáin theacht agus grianghraf a thógáil.
“Is léir go bhfuil fíorshuim ag an phobal sa scéal seo,” arsa Angie “agus mar sin, táimid sásta ligean do na meáin an scéal a dhéanamh anois.
“Táimid iontach buíoch do dhaoine as an dea-thoil agus as an dea-mhéin atá léirithe acu, ach ba mhaith linn anois a bheith fágtha linn féin agus leis na páistí chun déanamh réidh don obráid.”