Alex Hijmans sa Chultúrlann

Beidh an scríbhneoir Alex Hijmans i mbun agallaimh phoiblí leis an iriseoir Eoghan Ó Néill i nDánlann Gerald Dillon i gCultúrlann Bhéal Feirste Dé Máirt 13 Samhain @ 7.00 in. Tá cónaí ar Alex Hijmans, Ollannach, sa Bhrasaíl le roinnt blianta anuas agus tá dá leabhar scríofa anois aige a bhfuil a shaol sa Bhrasaíl mar chúlbhrat ann. Chuir ‘Favela’, a moladh go hard, chuir sé síos ar an dóigh a bhuail sé grá geal a chroí agus é ar saoire ann agus an dóigh a dheachaigh sé a chónaí i Favela (ceantar na mbocht) ollmhór le go dtiocfadh leis a bheith lena leanann. Agus tá saol an Favela ina chúlbhrat dá chnuasach de ghearrscéalta, ‘Gonta’ a dhéanfar a sheoladh ag ócáid na seachtaine seo chugainn.  Fáilte roimh achan duine. Ar na rudaí eile a bheidh ar bun ag Alex Hijmans agus é ar ais in Éirinn beidh sé ag léamh ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath agus ag glacadh páirte in ócáid i nGaillimh.

Scríofa ag ar 08.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Alex Hijmans sa Chultúrlann”

  1. Fearn

    Goed so, Alex. Ik hoep dat alles goed gaat met je nieuwe boekje!

Tabhair Freagra

© Nuacht24