Bás Alex Higgins
Tá an imreoir snucair mórchlú as Beál Feirse Hurricane Higgins i ndiaidh bás a fháil. Bhí s é 61 bliain d’aois agus bhí sé tinn le roinnt blianta anuas nó bhí ailse air. Bhí glacadh leis sna 70í-80í gurb é an t-imreoir snucaeir is iontaí dá raibh ag dul an t-am sin agus chuir a drochiompar os comhair na gceamaraí go mór lena tharraingt.
Bhí Alex i mo laoch lena chuid draíocht, caractar agus stíl nuair a bhí mé i mo phaiste agus ar feadh na mblianta ina dhiadh sin bhí mé ag dúil go gcuirfeadh sé a chuid diabhail ó mhaith agus go mbainfeadh sé an triú corn domhanda ach ní raibh sé le bheith amhlaidh. D’Amharc mé ar na pictiúiri dó agus a shláinte ag teip air agus ghoill sin go mór orm.
Go mbeidh suaimhneas síoraí ag laoch ár linne.