Aimsir bhreá do Phicnic
Deir lucht tuar na haimsire go mbeidh an aimsir, don chuid is mó, deas feadh na deireadh seachtaine. Tá dréim le 30,000 duine a bheith i láthair ag an cheolchoirm i gContae Laoise agus orthu sin beidh 1,00o rothaí a bhfaighidh saorchead isteach chuig an imeacht nuair a théann siad ann ar rothar. Ar na ceoltóirí a bheidh páirteach ann beidh Roxy Music, Afro Celt Sound System, Public Image Ltd, the Waterboys, agus Sigur Ross.