‘Agus mo chamán bán i mo dhorn agam’
Beidh oiread fuinseoige á fhás sa tír seo faoi 2018 is go bhféadfaí 400,000 camán sa bhliain a dhéanamh anseo in Éirinn. I láthair na huaire déantar formhór cam án ó fhuinseog de chuid na Danmhairge nó de chuid na Breataine Bige. Ach tá deontas ar leith ann d’fheirmeoirí anois chun fuinseoga a fhás agus measann Coillte go mbeidh oiread adhmaid fuinseoige againn faoin bhliain 2018 chun gach camán sa tír a dhéanamh seachas a bheith ag brath ar adhmad ón choigíoch. Díoltar idir 300,000 agus 400,000 camán in Éirinn gach bliain. Tá níos mó camán á ndíol anois ná riamh mar gheall ar an líon club de chuid an CLG atá á mbunú thar lear. Ar na mallaibh bunaíodh seacht gclub nua de chuid an CLG in iarthar na hAstráile, ceann eile in Sydney agus go leor eile sna Stáit Aontaithe.