Agóid faoi dhlí na Rúise i mBéal Feirste anocht

Beidh agóid ann i lár Bhéal Feirste anocht i gcoinne dlí conspóideach a achtaíodh sa Rúis le déanaí a choscann poiblíocht faoi homaighnéasachas a thabhairt do dhuine faoi bhonn 18 mbliain d’aois. Tá an agóid á reáchtáil agus foireann sacar na Sé Chontae ag imirt i gcoinne na Rúise ag Páirc Windsor i mbabhta cáilithe Chorn an Domhain. Dar le John O’Doherty, ón Rainbow Project, go bhfuil de dhualgas orthu seasamh gualainn ar ghualainn leis na Rúisigh sin atá thíos leis an dlí seo atá, dar leis, ina ionsaí mhór ar chead cainte agus saoirse cainte.

Scríofa ag ar 14.08.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Agóid faoi dhlí na Rúise i mBéal Feirste anocht”

  1. Pól Réamainn

    Agóid i mBéal Feirste?

Tabhair Freagra

© Nuacht24