Agóid ar son na Gaeilge

Agóid ar son na Gaeilge ag a 4 inniu ós comhair na Dála i leith pholasaí an rialtais atá le cearta teanga na Gaeilge a bhaint uainn. Bígí linn Cumann Gaelach UCD

Scríofa ag ar 17.11.2011 Rannóg náisiúnta, nuacht.

15 Nóta Tráchta ar “Agóid ar son na Gaeilge”

  1. Eoghan Ó M

    D’fhógair an Rialtas inniu go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí. Féach https://cnag.ie/index.php?page=news&news_id=245 chun an scéal ar fad a fháil – is beartas chun deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara mar oifig reachtúil, neamhspleách in ainneoin nach bhfuil aon shábháilt airgid le déanamh as agus gur mhol an Bord Snip é a choinneáil mar atá fiú. Agóid tobstailce os comhair na Dála ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath ag 4.00pm INNIU – tar chun do thacaíocht a léiriú d’Oifig an Choimisinéara Teanga!

  2. Concubhar

    Ní fiú faic don Ghaeilge nó do phobal na Gaeilge Oifig an Choimsinéara Teanga.

  3. Fearn

    “Ní fiú faic don Ghaeilge nó do phobal na Gaeilge Oifig an Choimsinéara Teanga.”

    Fianaise?

  4. Tá claonadh do ghníomhaígh de Chúile saghas chun géarán a dhéanamh ar gach cinneadh rialtais in aghaidh a bpaisean féin. Ach tá freagrachtaí ag gach saoránach chun an rialtas a thacaíocht go mór agus is féidir leo sna amanna seo fíordheacair don thír.

    Agus, cinnte, i gcás seo, tá frithchosúlacht os ár gcomhair ag tús an straitéis fiche bliain. Ní shílim, áfach, go bhfuil seo dubh in aghaidh bán.

  5. Tabharfaidh mise sampla amháin duit. Tá An Post luaite i measc na gcomhlachtaí phoiblí atá le scéim a dréachtú. Is é An Post an oifig stáit is giorra don phobal. Is ann a dhéanann an saoranach gnó leis an stát i go leor bealaí. Ach níl An Post tar éis an scéim a dhaingniú – cé go raibh sprioc acu é bheith déanta roimh Lúnasa 2009. Ní feidir leis an gCoimisinéir faic a dhéanamh chun iachaill a chur ar an gcomhlacht beartú de réir an targaid. Dúnadh Oifig an Phoist Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag tús na bliana seo de bharr ná raibh aon chosaint éifeachtach ann ón gCoimsinéir. Tá iliomad comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim teanga daingnithe acu – ina measc RTÉ (sprioc Aibrean 2010), an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte (2007), Coimisiún na Scruduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta (2006). Cad is fiú go mbeadh Coimisinéir ann mura bhfuil cumhacht aige scéimeanna a bhrú ar chomhlachtaí atá an pobal go mór i ngleic leo. Cinnte níl an locht ar an gcoimisinéir – ach ar an reachtaíocht – faoi seo. Ag an am chéanna ní lagaíonn sin an argóint – nil aon fiúntas do phobal na Gaeilge/an teanga in Oifig an Choimsinéir. Níl ann duile fige chun an fhírinne a cheilt. Níl an suim ag an Statchóras sa Ghaeilge.

  6. séamus mac seáinB'Feirste

    tá cuid mhór den cheart agat ,dar liom, a Choncubhair a chara ach nach bhfuil a fhios agat gur de shiocht Don Quixote sinne “Gaeilgeoirí” ar maith linn a bheith ag ionsaí agus ag agóid go síor faoi rudaí gan mórán tabhachta. Is geall le tionscaill ann féin é anois ag cuid na grúpaí stát mhaoinithe. Sílfidh siad gur íocshlán ar gach constaic é cinneadh railtais nuair atá sé cruthaithe le nócha bliain anuas nach amhlaidh atá. Cibé dul chun tosaigh atá déanta i gcúrsaí teanga sa tír seo is ón phobal aníos a tháinig sé agus ó dhaoine a thuig cad é an chiall atá le “FÓCAS”. Ní “cearta teanga ” per se a réiteoidh fadhb Oifig a’ Phoist Bhaile Atha an Ghaorthaidh dar liom ach fócas ar an oifig a athoscáilt agus Gael Líofa a bheith ina bhun. anois sin rud ar bhfiú oibriú ar a shon

  7. Duine n

    ” Dúnadh Oifig an Phoist Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag tús na bliana seo de bharr ná raibh aon chosaint éifeachtach ann ón gCoimsinéir”

    Ní bheinn baireach cinnte, ach déarfainn gur dhúnadh an Oifig ar chúinsí eile

    ” Cad is fiú go mbeadh Coimisinéir ann mura bhfuil cumhacht aige scéimeanna a bhrú ar chomhlachtaí atá an pobal go mór i ngleic leo. ”

    Ní fiú aon rud gan an bata mór ar a chúl, an ea? Níl seo ag teacht le fealsúnacht tráchtála na linne. Muna dhéantar le fonn é, beag an baol go ndéantar le mífhonn é.

    ” Níl ann duile fige chun an fhírinne a cheilt. Níl an suim ag an Statchóras sa Ghaeilge”

    Bíonn gach tús lag, ná cáin an tús as a laige.

    Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin

  8. Séamus, tá reiteach éigean ar cheist Bhéal Atha’n Ghaorthaidh nó tá seirbhis post faoi cheadúnas ann seachas Oifig an Phoist. Níl na seirbhísí go léir ar fáil ann – ach tá Gael ina mbun. Ní an Choimisinéir Teanga a chinntigh an socrú seo ach an phobal áitiúil. ní raibh mé á úsáid ach mar shampla. Is iomaí agóid a ghlac mé páirt iontu – cuid acu fónta (ar son TG4/TnaG) agus cuid eile acu le droch thoradh (ar son mhaoiniú Fhoras na Gaeilge!). Ach ni bheidh mé páírteach insan agóid seo ‘ar son na Gaeilge” (Mar dhea).

  9. Fearn

    ” Dúnadh Oifig an Phoist Bhéal Átha’n Ghaorthaidh ag tús na bliana seo de bharr ná raibh aon chosaint éifeachtach ann ón gCoimsinéir”

    Chuirfinn geall go raibh cúinsí eile ann nár bhain le Coimisinéir!!

    “Cad is fiú go mbeadh Coimisinéir ann mura bhfuil cumhacht aige scéimeanna a bhrú ar chomhlachtaí atá an pobal go mór i ngleic leo.”

    An raibh an staid ní b’fhearr gan Coimisinéir gan reachtaíocht? Foighde ort. Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin. Is fearr Gaeilge le fonn ná Gaeilge le mífhonn, óir is baol nach bhfuil a leithéid ann.

    ” Níl an suim ag an Statchóras sa Ghaeilge.”

    Agus an bata mór an leigheas ar sin?, nó tathaint buan?

  10. Fearn

    “Cibé dul chun tosaigh atá déanta i gcúrsaí teanga sa tír seo is ón phobal aníos a tháinig sé ”

    Dúirt tú é. Gníomh pobail roimh gníomh rialtais seachas gníomh rialtais in ionad gníomh pobail !

  11. An rud a bhí mé ag maíomh ná raibh iarrachtaí an Choimisinéara ábalta an Oifig a choimead ar oscailt mar gheall nach bhfuil an reachtaíocht laidir a dhothain (agus níl scéim An Post daingnithe go fóill). Ar ndóigh theastaigh ó An Post an oifig a dhúnadh ar chúinsí eacnamaíochta – ach má tá cearta teanga ag brath ar sin, bhuel ní bheadh aon cheart in aon chorr ann. Nílimse ag cur locht ar an gcoimisinéir go pearsanta – níl aon chumhacht aige. Is siombal gan brí gan éifeacht é.
    An raibh an staid ní b’fhearr gan reachtaíocht? Bhuel d’fhéadfá go raibh nó is é an fath a tugadh isteach an reachtaíocht agus dúirt Ó Cuiv é seo sa Dáil, chun teorainn a chur leis an méid na dualgais a raibh ar chomhlachtaí phoiblí de réir na Bunreachta. Anois níl focal Gaeilge ar shuíomh RTÉ mar shampla… Ní raibh sé ann an uair ud mar ná raibh an t-idirlíón ina Dhia mar atá sé anois. Ar aon nós, níl aon feabhas tar éis teacht ar chúrsaí sna réimsí tabhachtacha agus is é sin údar mo ghearán i leith an choimisinéara agus na reachtaíochta. B’fhéidir go míneofá dúinn cad é an feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó tháinig an reachtaiocht agus an Choimisinéir i réim. Cinnte tá Gaeilgeoirí ‘gonta’ de bharr an ‘ionsaí’ seo orainn ach ní h-ionann sin agus a rá go bhfuilimíd morán níos measa as de bharr an chinnidh seo.

  12. Fearn

    ” B’fhéidir go míneofá dúinn cad é an feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó tháinig an reachtaiocht agus an Choimisinéir i réim”

    Bhal, níl cónaí orm in Éirinn, mar sin, níl fhios agam.
    Ach dar ndóigh, ní thuigim an cheist. Má tá daoine ag labhairt Gaeilge, is fearr é sin ná gan a labhairt. Má éilítear Gaeilge is fearr é sin ná gan a h-éileamh. Má chuirtear Gaeilge romhat, is fearr é ná gan í romhat.

    Agus is fearr cara sa gcúirt ná gan cara sa gcúirt .i. an Coimisinéir.

    Thug oifig an Choimisinéara cabhair dom .i. eolas agus tacaíocht nuair a bhí mé ag éileamh mo cheartsa le oifigí Stáit na 26 Chondae ó thaobh na Gaeilge.

  13. eoghan Ó M

    Ar ndóigh a Choncubhair níl an t-acht ró mhaith mar atá, ach is féidir é a neartú (b’fhéidir), má bhaintear é ní thiocfaidh aon ní níos láidre ina áit is féidir bheith deimhin go leor de sin, is amhlaidh an cás leis an gcoimisnéir. Cén fáth nach n-iarrann tú acht agus coimisnéir níos láidre seachas a bheith ag baint (de bheagán ) uathu sin ata ag cur i gcoinne an chómnascatha (dála an scéil is mac leinn leighis mé is bhí mé amuigh inné-sé sin is dócha nach ar an nGaeilge amháin a bheidh me ag brath- i dtaobh thionscal shéamais thuas, bhíos ann le cur i gcoinne alghdú eiel i dtacaíocht an stáit don Ghaeilge)

  14. Fearn

    A sheamuis,
    Scríobh tú:”"gur de shiocht Don Quixote sinne “Gaeilgeoirí” ar maith linn a bheith ag ionsaí agus ag agóid go síor faoi rudaí gan mórán tabhachta”"

    Níor léigh mé Don Quijote fosta. Cad tá i dtreis agat?

  15. séamus mac seáinB'Feirste

    is féidir a Fhearn a chara nach maith an tsamhail é” Don” cóir ach bhí me ag iarraidh a léiriú go bhfuil i bhfad Éireann níos mó tabhachta dar liom lenár saol pearsanta féin a Ghaelú ná go mbéimis ag agóid ar shon “cearta teanga” nach bhfuil muid reidh le glacadh leo dá mbronnfaí orainn féin iad. Ní dhéanfaidh an stát an saol a ghaelú faoinár gcoinne is cuma cé mhéad Achtanna Teanga, straitéisí fiche bliain ná Coimisinéirí Teanga a bheadh againn. Maireann teanga beo againn féin go príomha agus ansin leis an teaghlach agus ansin i gcumarsáid leis na daoine thart orainn gach lá agus leis an phobal mhór amuigh. Is rudaí tanaisteacha iad “cearta Teanga” ón Mhaorlathas dar liom i gcomórtas leis na rudaí pearsanta atá luaite agam. Is orthu sin a ba cheart dúinn fócas a dhíriú agus sílim go dtiocfaidh na cearta de réir mar atá muid ag láidriú mar phobal teanga..Gan an teanga a bheith láidir a dóthain mar theanga phobail níl beatha i ndán di is cuma cé mhéad cearta teanga a bhronnann an maorlathas orainn.

Tabhair Freagra

© Nuacht24