Ag imirt iomána le taobh an Teach Bán

Baineadh siar de phobal Washington nuair a tosaíodh ar chluiche iomána a imirt i gCearnóg Farragut, taobh leis an Teach Bán. An grúpa ealaíne Solas Nua a bhí taobh thiar den ócáid i gcomhar le DC Gaels, cumann CLG. Go fiú rinneadh tráchtaireacht le Michael Ó Muircheartaigh a chraoladh le linn na hócáide. Bhí cultacha oibre ag na himreoirí, meascán d’Éireannaigh is de Mheiriceánaigh agus bhí na bristí fada de dhíth nó bhí sé fanta fuar. Cén áit a bheidh an athimirt, cén uair? Cá fios!

Scríofa ag ar 18.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24