Aerfort Christy Ring?

Tá Sinn Féin agus páirtithe eile i gContae Chorcaí in adharca a chéile – faoin ainm a ba cheart a thabhairt feasta ar Aerfort Chorcaí. Tá Sinn Féin ag iarraidh go ndéanfaí an t-aerfort a athbhaisteadh in ómós do Traolach Mac Suibhne, Ard Mhéara Chorcaí a fuair bás agus é ar stailc ocrais in 1920. Ach tá Fianna Fáil agus Fine Gael ag iarraidh go ndéanfaí an aerfort a ainmniú i gcuimhne ar dhuine ón nua stair, macasamháil Rory Gallagher nó Christy Ring.

Scríofa ag ar 28.07.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Aerfort Christy Ring?”

  1. Bheadh tacaíocht ón bPáirtí Lucht Oibre agus Neamhspleáigh agus/nó an Páirtí Sóisialach agus/nó Páirtí na nOibrithe ag teastáil roimh Shinn Féin dá mba rud é go raibh siad chun an lámh in uachtar a fháil ar FF/FG!

  2. Dónall Chaoimhín

    B’fhearr liomsa go n-aimneofaí i ndiaidh Christy Ring an t-aerfort óir chuideodh sé cultúr s’againn a chur chun cinn thar lear.

  3. séamus mac seáin

    an bhfuil ciall ar bith ag muintir na tíre seo thuaidh ná theas. Cad é a bhí contráilte le “Aerphort Chorcaigh” simplí agus ag baint le h-abhar mar a gcéanna le “Aerphort Chathair Bhéal Feirste” simplí agus ag baint leis an áit ina raibh sé. An síleann duine ar bith dairíre gur fearr George Best na Béal Feirste? Má’s maith le daoine ómos a thabhairt tá fiché bealach ann seachas an saol a dhéanamh cásta do dhúchasaigh agus eachtránaigh araon. Aer Phort Dhoire,Aerphort Phortlairge, Aer phort Bhaile Átha Cliath,Aerphort Dhún na nGall,Aerphort Chorcaigh agus gan fiú Aerphort na Sionnaine ,b’fheidir gur cheart sin a athru go dtí Aerphort Luimní ar mhaithe le soiléireacht ach is maith le Polaiteoirí amaideacha na tíre seo a bheith ag plé rudaí gan chiall agus an tír ag tuitim as a chéile.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24