Achomharc CCÉ faoi chás Dhoire Dé Sathairn

Éistfear Dé Sathairn achomharc chathair Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i gcoinne mholadh Bord na nOifigeach Comhairle Uladh nach dtig leo tacú le tionól Fleadh Ceoil na hÉireann 2013 i nDoire. Tá an achomharc le díriú isteach ar an argóint go raibh Comhairle Uladh i ndiaidh socrú tacú leis an iarratas ó Chathair Dhoire sula ndearna fóchoiste de chuid Chomhairle Uladh moladh gan tacú leis. Dar le Labhrás Ó Murchú go bhfuil na scórtha e-phost faighte acu ó gach cearn den domhan ag tacú le hiarratas Dhoire.

Scríofa ag ar 24.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24