Cime pholaitiúil i ndiaidh bás a fháil i gCúba?
Tá tuairisc ann ar maidin gur cailleadh fear d’easaontóirí pholaitiúla Chúba i ndiaidh dó a bheith ar stailc ocrais. De réir na dtuairiscithe cailleadh Orlando Zapata Tamayo i gclinic i bpríosún Combinado del Este. Bhí sé ag troscadh le 85 lá anuas mar agóid faoin dóigh a raibh sé á choinneáil faoi ghlas. Cuireadh faoi ghlas é in 2003 as a bheith ag léiriú dímheas do na húdaráis ach cuireadh lena thréimhse phríosúnachta cionn is go raibh sé ag agóidíocht agus é faoi ghlas. Más fíor don tuairisc cuirfidh sé go mór leis an teannas idir na Stáit Aontaithe agus Cúba nó bhí Barack Obama ag brú ar Chúba faoi cheist na n-easaontóirí le tamall anuas. 