750 post le himeacht – tuilleadh ar ball?

Tá buairt ann go bhfuil an dá mhór bhanc anseo chun na mílte oibrí dá gcuid a bhriseadh as a bpost níos moille an bhliain seo. Caillfear 750 jab i ndiaidh do Halifax Bank of Scotland Ireland fógairt inné go bhfuil siad chun éirí as gnó anseo. Dar leis an cheardchumann Unite go mba mícheillí an straitéis a bhíodh ag Bank of Scotland Ireland nuair a thosaigh siad in Éirinn agus gur sin is cúis leis an chliseadh. Ach maíonn siad nach bhfuil sé rómhall ag Bank of Scotland dul i bpáirt le TSB, Irish Nationwide agus EBS chun ‘Tríú Fórsa’ a chruthú i saol na baincéireachta anseo.

Scríofa ag ar 10.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24