720 duine daortha go bás san Éigipt
Daoradh 683 duine go bás ar maidin ag cúirt san Éigipt – agus dhearbhaigh an chúirt an pionós báis i gcoinne 37 duine eile a daoradh níos luaithe i mbliana. Cháin dlíodóirí leis na daoine a daoradh an dóigh a reáchtáladh na trialacha nó dar leo nár ligeadh dóibh go fiú dul isteach sa chúirt. Bhí ceannairí de chuid an Bhriathrachais Mhoslamaigh orthu siúd a daoradh chun báis inniu ach tá go leor de na daoine a daoradh nach bhfuil baint acu leis an Bhraithreachas. Tá trialacha an lae inniu agus trialacha den tsórt atá ag titim amach san Éigipt ó thóg an junta airm ceannas ar an tír an tsamhradh seo caite cáinte go géar ag Amnesty Idirnáisiúnta agus ag grúpa eile cearta daonna.
Cad tá ar bun le cúirteanna na hÉigipte?
An tseachtain seo chaite, chuireadh “dúnmharú” i leith naíonán naoi mí d’aois!
Tá mé cinnte go tharla chás sin sa Phacastáin a Fhirn
Ó!