72 marbh san Céinia, go dtí seo

I gcaint a rinneadh a chraoladh ar theilifís is raidió tráthnóna mhaígh Uachtarán na Céinia, Uhuru Kenyatta, gur maraíodh 72 duine go dtí seo sna eachtraí a tharla ag Ionad Siopadóireachta an Gheata Thiar le 4 lá anuas. In ainneoin do na húdaráis fógairt go raibh an t-ionsaí thart agus an coimpleacs faoina smacht acu tá gunnadóir nó gunnadóirí ag ionsaí saighdiúirí is péas i rith an ama. Meastar go rachaidh an líon marbh in airde de réir mar a dhéantar cuardach sa smionagar do choirp. Rud atá teoranta i láthair na huaire cionn is an tine san fhoirgneamh agus an baol ionsaithe. Tá seisear ionsaitheoir, mar aon le cúigear saighdiúir agus 61 sibhialtach marbh go cinnte go dtí seo, de réir an Uachtaráin, agus tá trí chorp ar a laghad sa smionagar dar leis. Ní léir cé hiad seo. Dar leis gur thit trí urlár den fhoirgneamh le linn an chuid deiridh den trodaíocht istigh ann.

Scríofa ag ar 24.09.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24