Blair i Sráid Uí Chonaill

Tá dréim leis go mbeidh agóid ann ag Eason’s i mBaile Átha Cliath De Sathairn nuair a bheidh Tony Blair ag síniú cóipeanna da leabhar nua ‘A Journey.’

Beidh iarPhríomh Aire na Breataine ar an Late Late Show Dé hAoine agus tá lucht agóide ag beartú léirsiú a bheith ann i mBaile Átha Cliath an lá dár gceann chun cur i gcoinne an ról a bhí ag Tony Blair in ionradh na hIaráice.

Tá litir sínithe ag 26 scríbhneoir aisteoir is ealaíontoir ag cur a míshásamh in iúl faoi chinneadh RTÉ cuireadh a thabhairt dó chun a bheith páirteach ann.

Is iad seo a leanas a shínigh an litir - John Arden; Derek Ball; Aideen Barry; Ronan Bennett; Jocelyn Braddell; Rory Braddell; Margaretta D’Arcy; Raymond Deane; Lelia Doolan; Felim Egan; Anne Fitzgerald; Maureen Gallagher; Fred Johnstone; Lucy Jules; Jimmy Murphy; Declan Meade; Ondine O’Gorman; Donal O’Kelly; Ré Ó Laigleis; Sean O Reilly; Bob Quinn; Stephen Rothschild; John Wakeman; Hilary Wakeman; Joseph Wood.

Scríofa ag ar 01.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

5 Nóta Tráchta ar “Blair i Sráid Uí Chonaill”

  1. Fearn

    “Tá litir sínithe ag 26 scríbhneoir aisteoir is ealaíontoir ag cur a míshásamh in iúl faoi chinneadh RTÉ cuireadh a thabhairt dó chun a bheith páirteach ann.”

    Tá cead aighnis ag an bléireach mar atá ag an 26.

    An mbeidh a mholadh as smacht a chur ar aontachaí agus lámh a chreathadh le náisiúntóir?

  2. séamus mac seáin

    má’s fíor a fhearn bhí dúil ag Hitler sna páistí beaga! mar sin dar liom nach leor gníomh maith amháin mar chúiteamh ar marú na gcéadta míle in Íaráic. is í an ágóid is fearr a thig le lucht déanta na síochána sa tír seo a dhéanamh ná gan an diabhail leabhair a cheannacht ar.chor ar bith agus go maithe Dia ar bpeacaí dúinn go léir agus peacaí Tony Blair san áireamh

  3. Fearn

    tagaim leat go pointe atís, a shéamis.
    tá cead aighnis aige ; ach tá cead aighnis ag na daoine nach n-aontaíonn leis. thabharfainn fhéin fuarchúis dó.

    Más Iaráic is cás duit, cá stopann an “chiontacht”? Príomhaire na breataine? Uachtarán SAM, cinn rialtis na dtíortha a chuidigh? Na rialtaisí uile? na hairm uile? Na pobail uile nár chuir stop leis? coirpigh na hIaráice?

    cad é dlí a bhris sé?

    Is iomaí peacach a lig íosa a chosa leis. Cá bhfuil an maithiúnas?

  4. séamus mac seáin

    a fhearn a chara nuair a scríobhann Bush leabhair is dócha go ndéanfar agóid faoí chomh maith ach ní chuige sin atá muid an iarraidh seo ach chuig TB. Tugann Dia maithiúnas dóibh sin a iarrann é a deirtear . an bhfuil maithiúnas iarrtha Tony do bhárúil? Má tá níl aon ceann faoi air as na rudaí a rinne sé ach a mhalairt agus níl muid ag caint ar na peacaí beaga leochaileacha a dhéanfadh mise ná tusa ach dúnmharú ar scála ollmór a chuirfeadh Slobadan Milosavic in áit na phingne agus tá a fhios againn cad é an deireadh a bhí airsean

  5. Fearn

    Shíl mé go raibh an 26 duine suas in aghaidh cead aighnis an bhléirigh. Sin an scéal idir lámha.

    Más “coir” ThB is cás duit, nach bhféachfá le dlí a chur air?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24