5 bliana faoi ghlas ag Oscar Pistorus

Riailigh an Giúistís Thokozelie Masipa inniu go gcaithfidh Oscar Pistorus cúig bhliain chaitheamh faoi ghlas as marú a chailínchara Reeva Steenkamp. Thug sí le fios ina breithiúnas, a thóg sé uair a chloig uirthi a léamh amach,  go raibh roinnt gnéithe a chuir le tromchúiseacht an cháis, orthu sin a laige is a bhí ar a laghad duine amháin de na féinnithe ar son Pistrorus, an oiliúint a bhí faighte aige ar ghunnaí agus an tábhacht le go dtuigfí nach bhfuil dlí amháin ann do dhaoine saibhre agus dlí eile do dhaoine bochta.

Scríofa ag ar 21.10.2014 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24