4,742 i ndiaidh clárú le Líofa

2015 an sprioc a bhí ann don fheachtas Líofa chun líon 5,000 a fháil ag foghlaim na Gaeilge. Ach inniu féin thug an Roinn ó thuaidh atá i mbun an tionscnaimh, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Follaíochta go bhfuil 4,742 cláraithe cheana féin. Dar leis an Aire Carál Ní Chuilín, go léiríonn an borradh seo go bhfuil ardspéis ag an phobal ann. Mar gheall ar an shuim seo tá Foras na Gaeilge chun obair i gcomhar leis an Roinn chun suíomh idirlín a bhunú do Líofa.

Scríofa ag ar 11.10.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “4,742 i ndiaidh clárú le Líofa”

  1. séamus mac seáin Béal Feirste

    ” chun líon 5000 a fháil ag foghlaim na Gaeilge” dar le duine ar bith ag léifeadh an tuairisc sin gur líofa a spreag daoine le Gaeilge a fhoghlaim agus is féidir gur speag sé cuid acu ach tá a fhios ag daoine atá eolach ar chúrsaí nach sin mar atá le bunus na bhfoghlaimeoirí. tá ” líofa” ag teacht i dtír ar iarrachtaí daoine eile a bhí agus atá ag teagasc na Gaeilge ar scor ar bith ach gur hiarradh orthu na foghlaimeoirí a chlárú le líofa. bheadh na daoine seo ag foghlaim na Gaeilge is cuma Líofa ann ná as.

  2. Fearn

    Ní shílim nach bhfuil an ceart agat, a shéamuis!

  3. Dónall Chaoimhín

    Rinne mé roinnt machnaimh ar an cheist seo agus dar liom gur rud maith atá i Líofa, óir más féidir a thaispeáint go bhfuil rachairt mhór ann do sheirbhísí teagaisc na Gaeilge ar fud an tuaiscirt is beag leithscéal a bheadh ann Acht na Gaeilge a shéanadh ar na daoine.

  4. séamus mac seáin Béal Feirste

    a Dhónaill Chaoimhín a chara is smaoíneamh maith é cinnte ach an fhírinne a choíche tá a fhios agam grúpaí ar hiarradh orthu a gcuid daltaí a chlárú le líofa agus ní miste sin gidh go raibh an rachairt ann le blianta. Is iad na páirtithe Aontachta agus Rialtas Shasana atá ag séanadh Acht Gaeilge orainn bíodh rachairt ann nó as agus de réir cosúlachta níl siad sásta sin a ghéilleadh agus ní dhéanfaidh rachairt da mhó í difir ar bith agus níl na páirtithe Náisiúnacha/ Poblachtacha sásta a ndúshlán a thabhairt ar an cheist.

Tabhair Freagra

© Nuacht24