Ladbrooks – gabh Gaelach!

D’iarr Bord an Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste ar an chomhlacht Ladbrookes comharthaíocht i nGaeilge a chur in airde ar a siopa atá i gceartlár na ceathrú, os a comhair amach ón Chultúrlann. Tugadh droim láimhe dá n-iarratas nó dar le Ladbrook go mbíonn comharthaíocht amháin do gach siopa dá gcuid. Agus de rogha ar chomharthaíocht dheas tarraingteach Gaelach chuir siad in airde ar na mallaibh comharthaíocht atá gaifeach agus iomlán as tiúin le comharthaíocht sa cheantar. Mar sin tá feachtas ar siúil ag Gaeilgeoirí, ár gcara i Nua Eabhrac Dáithí Mac Lochlainn ar dhuine acu, chun tabhairt ar Ladbrooks athmhachnamh.

Scríofa ag ar 08.06.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Ladbrooks – gabh Gaelach!”

  1. séamus mac seáin

    cuir clócha síoda ar mhuc agus is muc i gcónaí i. Ní geallglacadóir Gaelach atá de dhíobháil ar an Cheathrú Ghaeltachta ach gealglacadóir ar bith. an bhfuil rud ar bith chomh granna ar dhruim an domhain seo le siopa geallglacadóra?. Ar feadh a thuigimse tá pleanna móra ,móra ag coiste na Ceathrúna ach ar dhúirt siad ariamh cad an seoirt siopa a ba mhaith leo a fheiceáil sa cheantar. Caitheadh airgead má;s fíor ar mhionshamháil den cheantar a fháil déanta ach taobh amuigh den Chultúrlann gus de fhorbairt an bhealaigh leatháin is beag eile ata ann nach mó ná fís í. ar shuigh duine ar bith síos agus a oibriú amach ar scála bheag cad iad na gnótha beaga a ba mhaith leo a fheiceail ann. An bhfuil téama don cheantar oibrithe amach.? An siopaí beaga ealaíona, idir sheodra láimhdhéanta, cniotáil de chuid na hÉireann, siopa seandachta de stíl na hÉireann agus fíche rud beag eile nach gcosnódh na céadta míle. Níor mhiste toiseacht le siopa Forbairt Fáilte Thiar agus rud éigin a dhéanamh leis an droch chuma a bhaint de. An bhfáighfhidh moltaí seo agam freagra? Gheobhaidh nuair a bhéas seiminéir eile dá reachtáil faoin Cheathrú !!!

  2. Úps!… An uair seo, níor chuireadh faoi cheistiúchán mé nuair a tháinig mé trí Ghlaschú….

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24