30 duine marbh i bpléascáin na Damáisce

Deir rialtas Assad na Siria gur lucht sceimhle a bhí freagrach as dá ionsaí buamála a tharla ar maidin sa Dhamáisc. Maraíodh suas le 30 duine, péas agus sibhialtaigh, nuair a shíob carrbhuama in aice le haonad eolais an airm agus in aice le stáisiún de chuid na bpéas.

Scríofa ag ar 17.03.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24