3 leabhar nua ó Chló Mhaigh Eo
1. Gráinne Mhaol – Úrscéal Grafach
“Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile…”
Eachtraí spleodracha Ghráinne Ní Mháille, máthair, ceannaire agus banríon, bean a chur smacht ar a lán ach nár smachtaíodh riamh; bean a d’fhulaing go leor ach a tháinig slán ar deireadh mar dhuine de mhórcharachtair stair na hÉireann.
Scéal eipiciúil spleodrach suite ar chósta thiar na hÉireann sa 16ú haois, inste go bríomhar ag Gisela Pizatto agus maisithe go healaíonta ag Bruno Büll.
The epic adventures of Gráinne Mhaol, Ireland’s Pirate Queen, are spectacularly brought to life in this superb graphic novel by Gisela Pizatto and Bruno Büll. Wife, mother, warrior-queen, Gráinne Mhaol became an Irish legend for all the ages. Told in her own words, this is the story of one woman’s bravery and determination to endure against all the odds, even the might of Elizabeth’s empire.
ISBN 978-1-899922-90-1 (Bog)
Údar: Gisela Pizatto
Ealaín: Bruno Büll
Dathadóireacht: Bruno Büll & Lais Bicudo
Leagan Gaeilge: Iarla Mac Aodha Bhuí
Eagarthóir Comhairleach: Breandán Ó Conaire
Dearadh: Ray McDonnell
€11 http://www.leabhar.com/grainne-mhaol.htm Online Shop
________________________________________________________________________________________________________
2. Scéalta ó Oileán an Turtair – Gearrscéalta
Ainm eile ar Mheiriceá is ea Oileán an Turtair.
Ar chuala tú faoin mbuachaill a raibh cónaí air i measc na mbéar?
Cén fáth a bhfuil súile móra ag an ulchabhán?
Tá scéalta agus miotais dá gcuid féin ag gach cine ar domhan
agus ní taise don phobal Meirindiach é.
Tá draíocht mhór sna scéilíní beaga seo ó Oileán an Turtair!
Did you ever hear about the boy who lived with the bears? Why are the owl’s eyes so big? Like all peoples the North American Indians have their own tales and myths. In this beautifully written collection they are brought magically to life for young readers.
ISBN 978-1-899922-91-8 (Bog) Aois 10+
Údar: Gabriel Rosenstock
Ealaín: Olivia Golden
Dearadh: Ray McDonnell
€9 http://www.leabhar.com/oilean-an-turtair.htm Online Shop
____________________________________________________________________________________________
3. Teach Solais Mhamó – Pictiúrleabhar
Tá Mamó Shorcha ina cónaí i dteach solais in aice na farraige.
Sorcha’s granny lives in a lighthouse along with her pet giraffe! When she invites Sorcha to come and stay you can be sure there will be lots of other surprises! A delightful and imaginative tale for young readers.
ISBN 978-1-899922-95-6 Aois 4+
Údar: Eddie Kennedy
Ealaín: Fintan Taite
Dearadh: Ray McDonnell
€9 http://www.leabhar.com/teach-solais-mhamo.htm Online Shop (From Mon 26th August)
_______________________________________________________________________________________________________
Foilsithe ag Cló Mhaigh Eo,
Clár Chlainne Mhuiris,
Co. Mhaigh Eo, Éire.
www.leabhar.com
Fón: /

Gráinne Mhaol ?
Shíl mé riamh gur Gráinne Umhaill a bhí uirthi.
Amharc:
Buiríos Umhaill/Burrishoole
(barúntacht)
Maigh Eo
Sílim go raibh an dá ainm sin uirthi a Fhearn. Gráinne Mhaol a thug Pádraig Mac Piarais uirthi ina leagan de Óró Sé do Bheatha Bhaile – ‘Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, óglaigh armtha léi mar gharda, Gael iad féin agus ní gall ná Spáinnigh agus cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh’.
Is dóigh, a DhCh, go riabh daoine i muinín fuaim an fhocail, ach gan fhios acu mar gheall ar Umhaill, logainm, shílfeadh siad gur “mhaol” a bhéas ann.
Sílim fhéin go raibh sí ró ghlic le bheiith “maol” .i. gan a bheith glic
haha, ceann maith a Fhearn is fíor gur Gráinnuaille a leasainm
@is fíor gur Gráinnuaille a leasainm
Sin agat é! (Diomaite den litriú)