Thug an Tanáiste Eamon Gilmore cuairt ar Chultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich inniu. Bhí an tUasal Gilmore i láthair ag comhdháil an SDLP aréir agus ar maidin thug sé cuairt ar an Cenotaph i mBéal Feirste gur leag sé bláthfheasc le linn do chuimhneacháin ar Lá na bPóipíní a bheith ar siúil ann. Thug sé cuairt ar an Chultúrlann, áit ar bhuail sé le foireann na Cultúrlainne agus Gaeil áirithe mar aon le hionadaithe ó ghrúpaí pobail sa cheantar. Bronnadh camán air mar aon le cóip de leabhar Shéamais Mhic Seáin, ‘D’imigh sin gus tháinig seo.’ I modh grinn dúirt an tUasal Gilmore go mbeadh an camán úsáideach aige agus é ag plé gnóthaí an bhuiséid sna seachtainí amach romhainn.

Scríofa ag ar 11.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “”

  1. Liam Mac L

    An Buiséad – cúis gháire? Ní dóigh liom é.

Tabhair Freagra

© Nuacht24