24.4% de Spáinnigh dífhostaithe

Bhí 5,639,500 dífhostaithe sa Spáinn ag deireadh mhí Mhárta. Is ionann sin agus 24.4%, den phobal agus an líon is mó riamh. Tagann an scéala seo uaireanta a chloig i ndiaidh don chomhlacht Standard & Poors socrú ar stádas creidiúna na Spáinne a ísliú. Agus tá dréim leis go bhfógrófar Dé Luain go bhfuil cúlú eacnamaíochta ann go hoifigiúil sa tír. Cuirfidh na scéalta seo tús as an úr leis an mhíshuaimhneas sna margaí airgeadais i bhfianaise na míchinnteachta atá ann sa Fhrainc, san Isíltír agus sa Ghreig maidir leis na ceannairí nua. Agus maidir leis an dearcadh a bheidh ag na ceannairí sin faoi chomhaontú fisceach nua an Aontais.

Scríofa ag ar 27.04.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “24.4% de Spáinnigh dífhostaithe”

  1. Dónall Chaoimhín

    Tá bunfhadhbanna ag baint leis an chóras caipitleachlais. Fadhbanna nach féidir a réiteach ach trí chóras eacnamaíochta nua a chruthú. Ní féidir lena thuilleadh caipiteachais amháil an Conradh Nua Fisceach fadhbanna na hEorpa a réiteach. Ag croí an chapitleachais tá tréimhsí ‘boom agus bust’ ann agus tá muidinne sa tréimhse ‘bust’ anois. Tríocha nó daichead bliain i ndiaidh an chéad ‘boom’ eile beidh ‘bust eile ann – sin nádúr an ainmhí – agus beidh na rialtais nó an AE nó cib é dream ag iarraidh níos mó cumhachta leis an ‘fhadhb a réiteach’.

  2. Calgach

    aontaím go hiomlán le Dónall.
    Dar ndóigh ní bheith réiteach na faidhbe ann a fhad is atá polaiteoirí ramhra dea-ghléasta ag suí ar ard-phá ag muíomh go dtuigeann siad fadhbanna na mbocht!
    Ní amháin nach dtuigeann siad cruatán an tsaoil ach is cuma leo.
    Stát sóisialach an t-aon fhreagra i mo bharúil, ach cadé an dóigh lena chur ar bun?

  3. Seán Ó Cinnéide

    Is ábhar áthais liom na freagraí seo a léamh! Táim i mo bhall den páirtí sóisialach agus nílim ach ocht mbliana déag d’aois. Tá sé iontach a fheiscint go bhfuil tuiscint frithchaipitleach go forleathan sa tír.

    Táimse ag súil go mór le gluaiseacht Eorpaigh (agus domhanda) i rith mo shaol.

    Ná lig do Sinn Féinn an dallamullóg a chuir ort, tá siad lán sásta déine a fhorfheidhmiú sa tuaisceart.

Tabhair Freagra

© Nuacht24