£20m geallta don Ghaeilge ó thuaidh ag cainteanna Chill Chromghlinne

Gheall rialtas na Breataine £20m don Ghaeilge sna cainteanna a tharla ag Caisleán Cromghlinne ar na mallaibh dar le Gearóid Mac Adaim. Ina bhlag in eagrán an Luain den Andersonstown News i mBéal Feirste deir ceannaire Shinn Féin gur gealladh maoiniú €3m sa bhliain don chúig bhliain amach romhainn don Chiste Craoltóireachta ó thuaidh. Agus dar leis gur gealladh roinnt milliúin eile do thograí Gaelacha sa tuaisceart. Rinne Nuacht24 iad seo a thuairisciú coicís ó shin, an chéad dream chun tagairt a dhéanamh dóibh. Agus dar le ceannaire Shinn Féin go bhfuil Martin Mc Guinness agus Peter Robinson chun plé a dhéanamh i mí Mhárta faoi Acht na Gaeilge agus an bealach gur féidir an coimitmint a tugadh i gcomhaontú Chill Rimhinn a chur chun cinn.

Scríofa ag Nuacht24 ar 15.02.2010 Rannóg nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “£20m geallta don Ghaeilge ó thuaidh ag cainteanna Chill Chromghlinne”

  1. [...] nó i gcuimhne Gerry Adams.   Nó seo chugainn féirín brea ar Lá Fhéile Bhailíntín – Tá sé á thuairisciú ar Nuacht 24 freisin -  ní fhaca mé inné é ach thug mé é faoi ndeara ar maidin inniu. I am pleased to be able to [...]

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24