17 marbh i lá fuilteach san Éigipt

Tá cúrsaí corrach san Éigipt I rith an ama I ndiaidh lá de léirsithe ar son agus I gcoinne Mohamad Morsi. Scaoil saighdiúirí ar léirsitheoirí ar son Morsi I lár Caireo agus mharaigh triúr duine. Níl aon rud a chuirfeadh in iúl gur bhagairt do na saighdiúirí iad sin ar mharaigh said agus mhaígh an Braithreachas Moslamach gur sleachtaíodh iad. Bhí caismirtí idir lucht tacaíochta an dá thaobh I roinnt cathracha mar aon le Caireo agus bhí ollscaiftí ag cur I gcoinne ghabháil an iarUachtarán Morsi ar na sráideanna in Caireo agus I mbaile eile feadh an lae.

Scríofa ag ar 05.07.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “17 marbh i lá fuilteach san Éigipt”

  1. Pól Réamainn

    An mbeidh cogadh cathartha ann san Éigipt mar a raibh san Ailgéir?

  2. Fearn

    @An mbeidh cogadh cathartha ann san Éigipt mar a raibh san Ailgéir?

    Do bharúil?

  3. Pól Réamainn

    Tá na comhábhair uilig acu (seachas na gunnaí).

  4. Fearn

    Ní hionann na comhábhair bheith ag duine agus císte a bhruith! :-)

Tabhair Freagra

© Nuacht24