17 marbh i lá fuilteach san Éigipt
Tá cúrsaí corrach san Éigipt I rith an ama I ndiaidh lá de léirsithe ar son agus I gcoinne Mohamad Morsi. Scaoil saighdiúirí ar léirsitheoirí ar son Morsi I lár Caireo agus mharaigh triúr duine. Níl aon rud a chuirfeadh in iúl gur bhagairt do na saighdiúirí iad sin ar mharaigh said agus mhaígh an Braithreachas Moslamach gur sleachtaíodh iad. Bhí caismirtí idir lucht tacaíochta an dá thaobh I roinnt cathracha mar aon le Caireo agus bhí ollscaiftí ag cur I gcoinne ghabháil an iarUachtarán Morsi ar na sráideanna in Caireo agus I mbaile eile feadh an lae.
An mbeidh cogadh cathartha ann san Éigipt mar a raibh san Ailgéir?
@An mbeidh cogadh cathartha ann san Éigipt mar a raibh san Ailgéir?
Do bharúil?
Tá na comhábhair uilig acu (seachas na gunnaí).
Ní hionann na comhábhair bheith ag duine agus císte a bhruith!