18 duine ar a laghad marbh i gcogaíocht Iosrael / Gaza

Mharaigh raicéid ó Gaza beirt bhan agus fear Iosraelach ar maidin. Bhí an triúr sa bhaile i mbloc árasán in Kiryat Malachi, baile atá 15 míle ó Gaza. B’iad na céad Iosraelaigh a maraíodh sa chogaíocht atá faoi lán seoil sa cheantar anois. Gortaíodh triúr saighdiúir ar ball ach ní go dona nuair a thit raicéad faoina gcóngar. In Gaza deir Palaistínigh gur maraíodh 15 duine ar a laghad agus gortaíodh os cionn 100 duine eile. Aréir thug cabhlach agus arm Iosrael faoin ionsaí a bhí ar bun ag aerfhórsa Iosrael ó lár an lae inné. Bhí ar a laghad beirt pháiste agus ban torthach orthu sin a maraíodh. Ba mac le hoibrí de chuid an BBC Arabaise an páiste 11 mí d’aois a maraíodh nuair a bhuail sliogán Iosraelach a dteach. Aréir thacaigh Meiriceá le ceart Iosrael chun ‘iad féin a chosaint’ agus chuir an locht ar Hamas as an fhorneart. Thacaigh an Bhreatain agus an Ghearmáin leis an seasamh seo. Ach chuir an Éigipt an locht ar Iosrael agus tharraing siar a nAmbasadóir ón tír. Agus dar le hIosrealach a d’imir ról nach beag roimhe seo i gcainteanna idir Hamas agus rialtas Iosrael, Gershon Baskin, go raibh cainteanna ag dul ar aghaidh idir an dá thaobh maidir le sos cogaidh buan nuair a mharaigh Iosrael ceannaire míleata Hamas. Dar leis gur mheancóg é sin agus go n-íocfaidh go leor Iosraelach agus Palaistíneacha neamhurchóideacha as an mheancóg sin.

Scríofa ag ar 15.11.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “18 duine ar a laghad marbh i gcogaíocht Iosrael / Gaza”

  1. Doireabú

    Mór mo náire Meiriceá agus an Bhreatain. De cheart acu iad féin a chosaint??Bhí cainteanna ar siúl ar mhaithe le sos cogaidh nuair a dhúnmharaigh Iosrael ceannaire míleata Hamas! Cad é faoin cheart atá ag Gaza iad féin a chosaint?
    Fíricí an scéil corradh le 6,617 pailístíneach maraithe ón bhliain 2000. Ina measc níos mó ná 1,450 páiste. Iad seo uilig mar gheall ar fhorneart stáit ata “a cosaint féin”???

  2. Fearn

    An Bhreatain? Tuige?

Tabhair Freagra

© Nuacht24