14 á gceistiú faoin eachtra seicteach ag Teach an Phobail Naomh Pádraig

Rinne an PSNI duine déag a ghabháil ar maidin lena gceistiú maidir leis an eachtra a tharla taobh amuigh de Theach an Phobail Naomh Pádraig i mBéal Feirste le déanaí. Sheinn baill de bhuíon ceoil an Young Conway Volunteers fonn a fheictear a bheith seicteach taobh amuigh den Teach an Phobail Caitliceach, rud a cáineadh go forleathan. Mar aon leis an duine déag ghabh an PSNI triúr eile. Ligeadh an 14 duine saor ar ball. Tá comhad á déanamh réidh do Stiúrthóir na nIonchúiseanna Poiblí faoin eachtra tuigtear.

Scríofa ag ar 12.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “14 á gceistiú faoin eachtra seicteach ag Teach an Phobail Naomh Pádraig”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    mion daoine de chuid an lucht oibre le cúiseamh agus maithe móra measúla an Oird Bhuí , a thug amach ar na sráideanna iad, le ligint saor. éagóir eile déanta sa bhreis ar éagóir theach an Phobail . go bhfóire Dia orainn

Tabhair Freagra

© Nuacht24