12 Palaistíneach marbh in aer ruathair Iosraelacha

Maraíodh beirt Phailistíneach déag agus gortaíodh ochtar Iosraelach inné nuair a d’ionsaigh Iosrael Straice Gaza agus scaoil trodairí Palaistíneacha raicéid isteach in Iosrael. Dar leis na Palaistínigh gurb iad Iosrael a chuir tús leis an trodaíocht nuair a mharaigh aerfhórsa Iosrael, Zuhir al-Qaisi, ceannasaí ar Coistí Pobail Sractha na bPalaistínmeach. Scaoileadh roinnt scortha raicéid ar Iosrael ó shin agus rinne aerfhórsa Iosrael na scórtha ruathar ar Straice Gaza. Ní léir go dtí seo cérbh iad na daoine a maraíodh in Gaza.

Scríofa ag ar 10.03.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “12 Palaistíneach marbh in aer ruathair Iosraelacha”

  1. doireabú

    Dúnmharú arís agus arís eile! Cá bhfuil na coscbhannaí agus na bagairtí ar an stát bradach seo?

Tabhair Freagra

© Nuacht24