100 marbh inné, beirt iriseoir i measc na marbh in Homs inniu
Maraíodh 100 duine i dtrodaíocht thart ar Homs inné dar le tuairiscithe ón Siria. Agus ar maidin maraíodh beirt iriseoir ón Iarthar. Ba iad Marie Colvin, Meiriceánach a bhí ag obair don Sunday Times agus an ghrianghrafadóir Francach, Remi Ochlik, an bheirt a maraíodh nuair a theith siad ó teach a bualadh le sliogán artléire in Homs agus gur iionsaíodh iad ag déanamh a mbealaigh ar shiúl ón áit. Cé gur deacair a bheith cinnte faoi na tuairiscithe ar fad atá ag teacht ón Siria is l éir go bhfuil arm na Siria ag cur lena n-ionsaí ar Homs agus bailte eile atá naimhdeach don Uachtarán Hassad agus go bhfuil go leor sibhialtach á marú. Chlis ar iarrachtaí a bhí ar bun ag an Chrois Dearg le cúpla lá anuas chun sos cogaidh a thionól le go dtiocfadh le lucht leighis cuidiú leo sin a gortaíodh.