Oíche Mheiriceá Laidineach i nGaoth Dobhair
Beidh oíche the shamhraidh den stíl Mheiriceá Laidineach ar siúl i Halla Naomh Pádraig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 12 Meitheamh.
Beidh na ‘Cuban Orishas’ ó Chúba ag bualadh rithimí Salsa, agus beidh ceoltóirí áitiúla ag glacadh páirte fosta, agus dioscó Laidineach ar ball.
Cuir aithne ar Phobal Laidineach Dhún na nGall agus ar dhaoine ó chultúir éagsúla, déan comhrá, abair amhrán agus bí ag damhsa an oíche ar fad, agus bia blasta Laidineach ar fáil chomh maith.
Tá an ócáid seo saor in aisce, mar go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ó Chlár Éagsúlachta Cultúrtha de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, ón AE (Síocháin III) agus ó Bhord Forbartha Contae Dhún na nGall.
Doirse ar oscailt ar 20.30. Cead isteach le ticéid amháin (ach tá na ticéid saor in aisce).
Teagmháil: Micheál Cholm @ 0868845475
nó Karin White @ 074 9126550/599 agus 0879365695