Grúpa scéalaíochta
Grúpa scéalaíochta neamhbhrabúis is ea Milk and Cookie Stories atá bunaithe
i mBaile Átha Cliath. Tá aidhm simplí againn, táimid ag lorg na scéalta atá
le n-insint ag muintir na cathrach. Cuireadh tús le Milk and Cookie Stories
Deireadh Fómhair seo cáite. I mí an Mheithimh beidh an t-ochtú imeacht
againn, agus le fonn scéalaithe a spreagadh as gach gné den saol, beidh ár
gcéad imeacht dátheangach, Bainne ‘gus Brioscaí, ar siúl againn. Mar is
gnáth, beidh an mioc oscailte do chuile dhuine, beidh tae, brioscaí agus
cúisíní ann agus tá súil againn go mbeidh tusa ann freisin. Chun tuilleadh
eolais a fháil is féidir ár ngrúpa a fheiceáil ar
facebook<http://groups.to/milkandcookies>,
cuairt ar thabhairt ar ár suíomh
idirlíon<http://www.milkandcookiestories.com/> nó
ríomhphost a sheoladh chugainn ag
milkandcookiestories@gmail.com<agmilkandcookiestories@gmail.com>