Ceolchoirm Scoil Samhraidh Mhic Reachtainn
Dé Céadaoin 28 Iúil beidh ceolchoirm mhór Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl le scoth na gceoltóirí ó Éirinn agus Alba i mbun siamsa.
“Ó Alba go Béal Feirste” is teideal don ócáid agus ina measc iad siúd a bheas ar ardán tá Maeve Mc Kinnon, Lauren Mac Call, Ewan Mac Pherson, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh.
Beidh sé ar siúl sa Halla Mór ag Iontaobhas 174 ar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste, agus moltar do dhaoine ticéidí a chur in áirithe chomh agus is féidir.
Breis eolais ag www.ccmr156.com
Scríofa ag Eoghan Ó Néill
ar 16.07.2010 Rannóg imeachtaí.
‘Ó Alba go Béal Feirste’ agus níl oiread is ceoltóir amháin ó Bhéal Feirste ann?
Is Feirsteach uchtaithe é Doiminic Mac Giolla Bhríde!