Ceardlann Scríbhneoireachta i mBaile Bhuirne

Ceardlann Scríbhneoireachta
Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Aoine 11 go dtí  Domhnach 13 Meitheamh 2010

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann deireadh seachtaine ar siúl
in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne, le linn do Thionól na Mumhan
de chuid Dháil na Mumhan den Chonradh a bheith ar siúl.
Is féidir linne buntáiste a bhaint
as léachtanna agus imeachtaí eile an Tionóil sin (saor in aisce).

Seo iad amanna sheisiúin na ceardlainne scríbhneoireachta:
Aoine, 8.00 – 19.30; Sath., 10.00 go dtí 12.00; Domh., 11.00–13.00

Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar
scríbhneoireacht na rannpháirtithe, teorainneofar a líon do dheichniúr
(Tá 5 ionad le líonadh ag an neomat seo!).

Níl aon táille cláraithe an dreas seo! Is gá do rannpháirtithe
L&B a chur in áirithe dóibh féin ag
Óstán Ghobnatan, 026-45324 (Euro40 L/B, Euro35 L/-) Luaigh an Tionól.

N.B. Seol cóipeanna den saothar atá le plé:
3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Mar ríomhphost is ansa linn a leithéid a fháil ag feasta@eircom
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Ba mhaith suimiú gearr ar struchtúr an úrscéil / dráma a bheith
leis an ngiota féin, i dtreo gur féidir an t-iomlán a sheoladh thart
ar na rannpháirtithe tamall maith (1 Meitheamh)
roimh lá na ceardlainne féin.
Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí
feasta@eircom

Táimid ag súil gur féidir deontas beag 80 euro a chur ar fáil do gach rannpháirtí
a fhreastalaíonn ar an gceardlann
 
 
Mar áis tá clár Thionól na Mumhan thíos.
 

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 24.05.2010 Rannóg imeachtaí.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24