Cabaret Craiceáilte – 20.05.10

Beidh an sár ghrúpa ceoil as Cill Mhantáin, Mo Hat Mo Gheansaí, an damhsóir/ceoltóir Tura Aru Tura as an tSiombáib, agus na ceoltóirí aitiúla Bríd Ní hIcí, Willy Mac Giolla Bhrighde, agus Niall hackett i measc na gceoltóirí/síamsóirí ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo ( De Sathairn 29 Bealtaine) Tigh Hiúdaí, An Bun Beag Gaoth Dobhair.

Bhí an Chabaret ar chamchuairt náisiúnta le mí anuas, ag féilte cosúil le Pléaráca Chonamara agus Feile Oriel, i Muineachán, agus beidh lúchair ar na ceoltóirí craiceáilte a bheith ar ais sa bhaile, De Sathairn seo.

Tá seanaithne ag lucht leanúna an Chabaret ar Bhríd Ní hIcí, as an Choiteann i nGaoth Dobhair, a chanann idir amhráin nua aimseartha agus sean amhráin, agus ar Rí na nAmhrán as Doire Beaga, Líam (Willy Phadaí Jimmy) Mac Giolla Bhrighde, a bhfuil cóiriú úr deanta aige ar sheanamhráin Thir Chonaill.Beidh an sárcheoltóir uirlise, Niall Hackett ( Consairtín/Bouzouki) ag tabhairt tionlacan do Bhríd agus Líam.D’Eirigh go maith lena ceoltóirí seo ar an Chamchuairt Chraiceáilte agus chan siad ag an Chabaret ag Féilte i mBéal Feirste, Muineachán, Baile Átha Cliath, chomh maith leis an Electric Picnic i gCondae Laoise.

Is deartháireacha iad Tadhg agus Oisín ó Áth na Fuinseoige Co. Cill Mhantáin. Tá ceol á scríobh agus á sheinnt acu faoin ainm Mo Hat Mo Gheansaí le cúpla mí anuas ach tá siad ag seinnt ceol feadh na mblianta. Tá an bheirt acu oilte go clasaiceach agus idir an bheirt seinneann siad an pianó, veidhlín, cláirseach, giotár, drumaí [agus cúpla rud eile anuas ar sin!].
Bronnadh scoláireacht ar an bheirt acu staidéir a dhéanamh in Acadamh Ceoil Ríoga na hÉireann áit a bhfuil Oisín fós ag déanamh staidéir ar an gcláirseach.

Tá an suim ag an bheirt sa Ghaeilge. D’fhreastail Tadhg ar Coláiste Ráithín i mBré, Co. Cill Mhantáin, áit a bhfuil Oisín fós ag staidéir. Chomh maith bronnadh scoláireacht Bhord na Gaeilge UCD ar Tadhg sa bhliain 2009/10. Chum Tadhg agus Oisín cúpla amhráin as Gaeilge agus chomh maith d’aistrigh siad liricí na n-amhrán coitianta is fear leo chun blas Mo Hat Mo Gheansaí a chuir orthu.

Le déanaí bhuaigh Mo Hat Mo Gheansaí comórtas ‘Cath na mBannaí’ ar Radió Rí-Rá, don amhrán nua-cumtha as Gaeilge is fearr, i rith Sheachtain na Gaeilge 2010. Chomh maith seinn siad beo ar an Mooney Show ar RTE Raidio 1  agus ar East Coast FM mar chuid den ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Tá Tadhg agus Oisín fós ag scríobh is ag déanamh taifead ar a gcuid ceoil agus tá dóchas iontach ann dóibh sa todhchaí.

Beidh Tura Aru Tura, ag tabhairt taispeántas do dhamhsa Hip Hop/Damhsa dúchasach na hAifrice agus ag canadh a chuid amhráin féin i nGaeilge, agus i dteangacha dúchais s’aige féín ón tSiombáib,san Aifric.

Fógrófar ceoltóirí eile inniú ar an chlár Rónán Beo ar Ráidió Na Gaeltachta.

Beidh tús a chur leis an Chabaret ag 9.30pm, Tigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, De Sathairn seo, 29 Bealtaine.

www.craiceailte.com
www.myspace.com/mohatmogheansai

Scríofa ag ar 25.05.2010 Rannóg imeachtaí.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24