An Fleadh Nua in Inis
FLEADH NUA
ENNIS, CO. CLARE INIS, CO. AN CHLÁIR
MAY 23 – 31 BEALTAINE 2010
Beidh sráideanna cúnga na hInse plódaithe le ceoltóiri, amhránaithe, agus rinceoirí ón 23 go dtí 31 Bealtaine nuair a fhilleann Fleadh Nua ar ais chuig croílár an Cheoil Thraidisiúnta. I measc buaicphointí na Féile i mbliana beidh Ceolchoirm na n-Iomráiteach a bheas ar siúl i nGlór ar an Satharn, 29 Bealtaine.
B’iontach an méid – agus an t-ardchaighdeán – Ceoil Traidisiúnta a bhí le cloisint in Inis le linn na Seachtóidí nuair a tháinig Fleadh Nua chuig an mbaile ó Bhaile Átha Cliath don chéad uair. Ghlac sméar mhullaigh an chnuasaigh seo páirt ‘san “Aos Óg” – ceolchoirm bhliantúil ag an bhFleadh Nua a sholátharaíonn deis d’ár n-orfidigh óga chun a mbuanna ceoil, rince agus amhránaíochta a chur os comhair an phobail. Tabharfar an ré órga seo chun cuimhne ag Ceolchoirm na n-Iomráiteach i mbliana nuair a fhearann Fleadh Nua fáilte roimh Kieran agus Mike Hanrahan, Paul Roche agus Helen Murray, Vincent McMahon, Geraldine agus Eamonn Cotter, Mary agus Josephine Nugent, Cyril O’Donoghue and Séamus McMahon thar n-ais chuig an bhFéile. Is cúis mhór ríméid dúinn a fhógairt go mbeidh Noel Hill ag casadh ar an oíche agus a iníon, Aisling á thionlacan. I measc na ceoltóirí a thriall ar Inis chun freastal ar an Aos Óg ‘sna Seachtóidí bhí triúr ghasúr ann darbh ainm Eoin Ó Riabhaigh, Conal Ó Gráda agus Colm Murphy. Ar ndóigh, tá clú agus cáil bainte amach ag na sárcheoltóirí seo in Éirinn agus thar lear o shin i leith. Beidh siadsan ag filleadh ar a gcoiséim go hInis agus go dtí an bhFleadh Nua nuair a sheineann siad i nGlór ag an morócáid seo.
Mar is eol do chách, tá teanga ársa na nGael fite fuaite tríd ár nEalaíona Traidisiúnta. Sin é an fáth go leagfear béim nach beag ar imeachtaí trí Ghaeilge i rith na Fleidhe. Más mian leat ceol, drámaíocht, amhránaíocht agus siamsaíocht den scoth a bhlaiseadh tar chuig an Oíche Ghaelach i gCois na hAbhna ar an Luan, 24 Bealtaine. Is cosúil gur sár-cheolchoirm a bheas ann in a mbeidh oirfidigh óga a ghlac páirt i bhFéile na hInse le déanaí páirteach. Tar éis na ceolchoirme, leanfaidh an ceol agus an comhluadar ar aghaidh ag Club Fleadh Nua.
Tuigtear go maith gur beatha teanga í a labhairt. Tugann Ciorcal Comhrá deis iontach do dhaoine triail a bhaint as a gcuid Gaeilge – is cuma cé chomh cúthaileach is atá siad faoi labhairt na teangan. Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl ag 11.00 r.n. gach lá ón 24ú go dtí an 28ú Bealtaine ‘sna caifí a leanas:
| An Luan, 24 Bealtaine | Glór Café, Glór |
| An Mháirt, 25 Bealtaine | Food Heaven |
| An Chéadaoin, 26 Bealtaine | Café Aroma |
| An Déardaoin, 27 Bealtaine | Rowan Tree |
| An Aoine, 28 Bealtaine | The Town Hall |
Is éachtach an saothar atá á dhéanamh ag An gClár as Gaeilge Teo. i bhforbairt na teangan sa cheanntar seo. Mar chuid den togra fiúntach seo, reachtálfar Rang Gaeilge ‘san Rowan Tree ar an Satharn, 29 Bealtaine ag tosnú ag 3.00 i.n.
Léifidh an t-Ath. Seosamh Mac Mathúna Aifreann Traidisúnta na Fleidhe san Ard-Eaglais ar an nDomhnach, 30 Bealtaine ag tosnú ag 10.30 r.n.
Beidh go leor, leor imeachtaí eile ar siúl le linn na Fleidhe cosúil le Ceolchoirm an Aosa Óig, Céilithe, Comórtas Rince Náisiúnta, “Last Night as I lay Dreaming” – Scannán faoin amhránaí cáiliúil, Robbie McMahon, “Cupán Ceoil” – seisiúin i gcaifí éagsúla, Scéalaíocht, Aeraíocht, Cosán Ceoil, Turas Treoraithe, Club na nAmhránaithe, Ceardleanna Ceoil agus Seite, Comórtais Scoraíochta agus Pléaráca, Ceolchoirmeacha ag Am Lóin agus “Díoltas an Bhainseo” – Seisiún eisiach do lucht an bhainseo, an mhaindilín agus an ghiotáir. Ná bí buartha mura bhfuil fonn ort claí leis an gClár Oifigiúil go huile is go hiomlán – buail isteach chuig na tithe tábhairne ina mbeidh Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta faoi lán tseoil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.fleadhnua.com.
Mar sin, bí linn ag Fleadh Nua – níl fleadh níos fearr!!