Danny abhus

Beidh an ceoltóir Danny Ó Flaithearta ag seinm sa Chultúrlann i mBéal Feirste Déardaoine na seachtain seo, 8 Iúil. As Conamara do Danny agus tá ardaithne air an taobh sin tíre agus sna Stáit Aontaithe chomh maith. Ar na mallaibh fostaíodh é ag comhlacht Hollywood chun canadh ar scannán a bhfuil Nicholas Cage páirteach ann. Tá cónaí ar Danny na blianta fada anois sna Stáit Aontaithe ach scrios na huracáin Katrina is Rita a theach tábhairne in New Orleans. Rinne Scannáin Aisling Ghéar scannán faoi ‘ Is olc an gaoth.’ Ach in ainneoin na mbuillí lean Danny leis ag reáchtáil imeachtaí do Ghaeil Mheiriceá. Agus bíonn sé gach bliain ag déanamh camchuairte in Éirinn agus ag socrú cuairt na scórtha de Ghail Mheiriceá ar an oileán seo. Beidh an ceolchoirm ag tosú sa Chultúrlann oíche Dhéardaoine ar 8.00.

Scríofa ag ar 05.07.2010 Rannóg imeachtaí.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24