Vicipéid na Gaeilge
10,264 alt i nGaeilge.
Is é sin an líon iontrálacha atá anois ar Vicipéid, leagan Gaeilge de Wikipedia.
Agus tá an líon sin ag dul i méid i rith an ama.
Thosaigh Vicipéid i nDeireadh Fómhair 2003 agus scríobhadh an chéad alt, mí Eanáir 2004.
Ar na mallaibh, thit sé ar chrann Panu Hoglund iontráil uimhir 10,000 a scríobh ar Vicipéid na Gaeilge.
(Scríobh sé alt iontach suimiúil faoi Ivan Bunin, scríbhneoir nua-aimseartha ón Rúis, a bhain amach duais Nobel sa litríocht roimh aon Rúiseach eile.)
B’fhéidir gur d’aonturas a tugadh cuireadh do Panu an iontráil stairiúil sin a scríobh, nó léiríonn Panu Hoglund go foirfe an bua agus an tábhacht atá le Vicipéid na Gaeilge.
Fionlannach is ea é, a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige.
Agus óna ríomhaire baile san Fhionlainn, thig leis ábhar suimiúil i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i Ros Muc agus i mBaile Átha mCliath, i mBostún agus i mBaile Bhlainséir.
Is maith mar a oireann Vicipéid don Ghael agus don Ghaeilge nó gréasán gan teorainn atá ann agus ar ndóigh, na saolta seo, is pobal gan teorainn iad pobal na Gaeilge.
Am a bhunaithe, bhíothas ann a bhí in amhras an mbeadh leagan Gaeilge de Wikipedia inmharthana nó an mbeadh ráchairt ar a leithéid.
Scaipeadh an t-amhras sa dá chás: tá sé ann agus é inmharthana agus tá tóir air.
Dónal Ó Laocha atá ar dhuine acu sin a bhíonn ag obair ar bhonn rialta ag Vicipéid agus dar leis go bhfuil fás in ann don tionscadal.
“Ceapaim go bhfuil ag éirí thar barr leis an Vicipéid,” ar seisean le Nuacht24.
“Ag fás de shíor atá sé agus feabhas á chur air, gan stad gan staonadh.
“Ach tá géarghá le tuilleadh daoine a bheadh sásta beagán scríbhneoireachta a dhéanamh, go mór mór tuilleadh cainteoirí líofa agus cainteoirí dúchais.”
Aithníonn sé go bhfuil idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí leis.
“Ar na buntáistí,” ar seisean, “tá Vicipéid saor in aisce agus is féidir cur leis go héasca má tá Gaeilge agat agus má tá an t-idirlíon agat – is cuma cén áit ar domhan a bhfuil an scríbhneoir.
“Is féidir scríobh faoi ábhar ar bith láithreach, gan stró. Níl acmhainn ar bith eile dá sórt le fáil i nGaeilge.
“Is minic a bhíonn níos mó eolais le fáil in ailt a bhaineann leis an nGaeltacht nó leis an Ghaeilge ná mar a bhíonn sna hailt i mBéarla agus i dteangacha eile.
“Úsáideann an chuid is mó de lucht na Vicipéide an Caighdeán, ach níl cosc ar chanúint ar bith, go mór mór sna hailt a bhaineann leis an nGaeltacht.”
Ach tá fadhbanna ann chomh maith.
“Is féidir le héinne cur leis go héasca – agus tá sé saor in aisce! Tá an dá bhua is mó ag an Vicipéid ina mbac uirthi fosta, ar bhealach. Mar thoradh air sin, bíonn loitiméireacht, turscar, seafóid srl ann, uaireanta.
“De ghnáth, bímid in ann é a bhaint as an Vicipéid go scioptha. Mar aon leis sin, tá ailt áirithe ann nach bhfuil thar mholadh beirte mar cuirtear fáilte roimh gach aon duine, fiú amháin roimh iadsan atá ar bheagán Gaeilge. Ach tá a fhios againn faoi sin agus bíonn feabhas á chur ar na hailt sin, gan stad gan staonadh.”
Cad é a bhíonn faoi chaibidil aige féin ann?
“I mo chás féin, rud ar bith a bhfuil suim agam ann! Go hiondúil, scríobhaim alt faoi ábhar éigin a bhfuil eolas agam air, nó aistrím alt atá le fáil i dteanga éigin eile cheana fein. Bainim sult as agus bím ag foghlaim i rith an ama.”
Meastar go mbíonn tuairim is deichniúr ag cur ábhar ar fáil don tseirbhís Ghaeilge, gach lá nó gach seachtain.
Tá Wikipedia ag treisiú i rith an ama. Tá corradh le 13 milliún alt anois ann agus iad ar fáil in 271 teanga.
Wikipedia an Bhéarla (corradh is 3 mhilliún alt) an leagan is mó, ach ina dhiaidh sin, is é an leagan Gearmáinise (atá ag druidim le 100,000 alt) atá sa dara háit.
Tá leaganacha de Wikipedia i mBreatnais agus i nGaeilge na hAlban agus i go leor mionteangacha eile. Agus tá sí ar fáil go fiú in Cheyenne, teanga atá ag 1,700 bundúchasach sna Stáit Aontaithe.
Tá Vicipéid le léamh ar http://ga.wikipedia.org/wiki/Pr%C3%ADomhleathanach