Tony Benn ag caint le Nuacht24 – ‘ní mhairfidh an comhrialtas bliain’
“Ní mhairfidh pósadh seo Cameron / Clegg,” a deir Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir The Daily Mirror sa tuaisceart.
“Thacaigh an Sun go neamhbhalbh le Cameron agus leis na Tóraithe le dhá bhliain anuas, ach i gceann cúpla mí, beidh léitheoirí an Sun thíos le polasaithe an rialtais CON/DEM agus beidh ar an Sun Cameron agus Clegg a lascadh.
“Tchífidh muid ansin cé chomh láidir is atá an comhrialtas seo.”
Ar ndóigh, ba é The Daily Mirror an t-aon nuachtán sa Bhreatain a sheas le Páirtí an Lucht Oibre san fheachtas toghcháin agus dar le Ó Muilleoir go ndéanfaidh seal sa fhreasúra an nuachtán agus Páirtí an Lucht Oibre a athbheochan.
“Bíonn sé i gcónaí níos fusa ag nuachtán seasamh i gcoinne rialtais,” ar seisean.
“Beidh brí nua sa Mirror nó beidh feachtais le troid agus dá réir. Sa deireadh, is nós i gcónaí leis na Coimeádaigh amharc i ndiaidh a muintire féin agus creidim go bhfeicfimid sin leis an rialtas CON/DEM seo.”
Tá Tony Benn ar aon intinn leis. Agus é ag caint le Nuacht24, arsa laoch mór na heite clé: “Tá deireadh anois le ‘New Labour’ agus ní miste dom é sin.
“Níor bhall ná níor thacaí dá gcuid riamh mé.
“Le teacht i gcumhacht na dTóraithe, is léir go bhfuil gá le cur chuige nua ó Pháirtí an Lucht Oibre agus cuideoidh seal sa fhreasúra chun iad a athnuachan. Creidim nach mairfidh comhrialtas na gCoimeádach agus go mbeidh toghchán Westminster eile ann taobh istigh de bhliain, bliain go leith.
“Nó sa deireadh, ní bheidh de thoradh ar pholasaithe chomhrialtas seo na Liobrálaithe/Coimeádach ach dífhostaíocht mhór agus cúlú eacnamaíochta a bhuailfidh an ísealaicme go háirithe.”
Tuigtear gur lorg polaiteoirí éagsúla ón Bhreatain eolas, le cúpla seachtain anuas, ó pholaiteoirí sna 26 Chontae faoin dóigh a n-oibríonn comhrialtas anseo.
Níl sé cinnte an mairfidh an comhrialtas reatha téarma iomlán óir tá oiread sin daoine taobh istigh den dá pháirtí atá míshásta faoi bheith i gcumhacht leis an dream eile.
Tá cuid mhór den Pháirtí Coimeádach i gcoinne na hionadaíochta cionmhaire, ach mar aon leis sin, tá freasúra mór ina coinne i bPáirtí an Lucht Oibre chomh maith.
John Prescott a thug guth don fhreasúra sin nuair a thug sé ‘amaidí amach is amach’ ar an mholadh go dtabharfaí isteach an ionadaíocht chionmhar.
Agus ar ndóigh, ba é an bhuairt faoi ionadaíocht chionmhar a thug ar John Reid, David Blunkett agus ar mhaithe móra eile Pháirtí an Lucht Oibre labhairt amach go poiblí in aghaidh comhrialtais idir Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Liobrálacha.
Is le himeacht ama a fheicfear cé acu beidh an seal comhrialtais seo sa Bhreatain ina bhriseadh sealadach ar rialtas aonpháirtí nó an tús é ar athrú iomlán ar an leagan amach polaitiúil sa Bhreatain.
21 bliain ó shin nuair a thosaigh ré na gcomhrialtas in Éirinn, bhí bodach agus bacach den tuairim nach mairfeadh an leagan amach nua.
‘A temporary little arrangement’ a thug Albert Reynolds air.
Na saolta seo, ba dheacair rialtas ar bith a shamhlú le hÉirinn ach rialtas aonpháirtí.
Ach an mbeidh oiread sin cumhachta ag na Daonlathaithe Liobrálacha sa Bhreatain is go n-éireoidh leo athrú bunaidh a dhéanamh ar an chóras vótála?
Is nós le páirtí mór i gcomhrialtas páirtí beag a shlogadh agus ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith má tharlaíonn sé sin i gcás na nDaonlathaithe Liobrálacha thall.
Ach den chéad uair le fada, tá neamhchinnteacht agus paisean le mothú i saol polaitiúil na Breataine.
In achan pháirtí, ar gach taobh.
Tá an pholaitíocht sa Bhreatain suimiúil arís.
Saol corrach.

ní bhéinn chomh cinnte go dtuitfidh rialtas nua na Breataine as a chéile. Tá cuma sheasmhach go leor orthu agus tá cuid mhór den chomhgheilleadh déanta cheana fein.
An bhfuil a fhios ag Gearóid pairtí ar bith polaitíochta” nach n-amharcann i ndiaidh a muintire féin” mar a deir sé féin. Níl le déanamh againn ach amharc ar “an teach mór ar chnoc” leis an chás a chruthú.