Scoláireachtaí ó Fiontar

Tá cúig scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa. Bronnfar na scoláireachtaí ag deireadh na chéad bhliana. Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,000 ar an gcúrsa. Fágann seo go gclúdóidh an scoláireacht na táillí iomlána don chéad bhliain den chúrsa. Clár páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa. Freastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 8 deireadh seachtaine sa bhliain, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir le mic léinn a roghnaíonn gan an tráchtas a dhéanamh ag deireadh an chúrsa Dioplóma Iarchéime a ghnóthú. Tugann an cúrsa seo deis dóibh siúd a bhfuil bunchéim acu in ábhar seachas gnó nó teicneolaíocht faisnéise saineolas a fháil ar na hábhair sin – margaíocht, bainistíocht, cumarsáid, ilmheáin san áireamh. Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príomháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis an nGaeilge – mar shampla: Farmer’s Journal; COGG; Coláiste na bhFiann; RTÉ; Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre. “Cabhraíonn an mháistreacht go mór liom mar thug sé na bunscileanna gnó dom – tuairiscí a scríobh; conas cur i láthair a dhéanamh ós comhair Stiúrthóir Rugbaí London Irish; conas airgeadas an chomhlachta a bhainistiú; agus conas gnó a fhás, a rialú agus a bhainistiú go laethúil.” a dúirt Tomás Ó Madagáin, comhbhunaitheoir Sports Academy International i Luimneach. “Bhain mé an-taithí as m’am le Fiontar – bhí na léachtóirí an-chabhrach, bhí an cúrsa an-nuálaíoch agus is taithí iontach í d’éinne atá ag iarraidh dul amach sa saol agus a ghnó féin a thosnú agus a rud féin a dhéanamh. Go bunúsach, tugann sé na scileanna agus an mhuinín duit dul amach agus an obair a dhéanamh. I ndáiríre, níl focal bréige ansin, bhain mé an-taitneamh as ag féachaint siar air.“ Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliaina. Is minic go mbíonn an obair bunaithe ar an jab ina bhfuil siad. Bíonn an rud céanna i gceist leis an tráchtas. Spriocdháta d’Iarratais: 31 Iúil 2010 Tuilleadh Eolais: www.dcu.ie/fiontar

Scríofa ag ar 11.07.2010 Rannóg gné-ailt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24